Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Éasca  - Dé Domhnaigh, 10 Bealtaine 2026 - Bruach na Bóinne

3/5/2026

0 Comments

 
Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:30 r.n.
Siúlóid Éasca: Ionad Chath na Bóinne - Halla an Toinlígh - Tulaigh Álainn - Gleann Rí Liam - An Seandroichead
Fad na siúlóide - 11 km, Dreapadh – 150 m, 2.5 - 3 huaire an chloig ag siúl.
Ach beimid in ann píosa a bhaint de, má bhíonn gá.
​

Picture
Treoraí: Seán

Tús na siúlóide:  An carrchlós in Ionad Chath na Bóinne.
Tagairt eangaí O 042 961, nó N53.7239, W6.4230
Eircode A92 CY69
Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n.

Beidh an tsiúlóid seo ar chosáin agus ar bhóithre coille, ach tá seans go mbeidh sé fliuch nó lábach in áiteanna. Mura mbíonn sé fliuch, oirfidh bróga reatha.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Lean an M1 go dtí bealach amach 10, díreach tar éis Dhroichead Mary McAleese. Tóg an chéad bhealach amach ón timpeallán ar an N51 siar i dtreo Bhaile Shláine. Tar éis 1.4km cas ar chlé trasna an droichid, agus tar éis 300m cas ar dheis isteach Ionad Chath na Bóinne. Tá an carrchlós in aice an tí mhóir.


Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

0 Comments



Leave a Reply.

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly