Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Éasca agus Béile - Lá 'le Pádraig 2025 - Gleann Dá Loch

8/3/2025

 
Siúlóid Éasca: An Láithreach - Gleann Dá Loch
Fad na siúlóide - 11 km, Dreapadh – 300 m,  2.5 - 3 huaire an chloig ag siúl.
Ach beimid in ann píosa a bhaint de, má bhíonn gá.
Treoraí: Seán ​
​NB -  I ndiaidh na siúlóide beidh béile againn in The Wicklow Heather sa Láithreach ag 3:00pm. 
Cuir fios orainn ag [email protected], lá roimh ré, ar a laghad, chun spás a cur in áirithe.
Ar ndóigh, is féidir bheith ag an mbéile linn gan dul ar an tsiúlóid.
Picture

Tús na siúlóide:  An carrchlós ag Woolen Mills, in aice leis an gCumann CLG sa Láithreach.
Tagairt eangaí T 142 960, nó N53.0024, W6.3000
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Beidh an tsiúlóid seo ar chosáin agus ar bhóithre coille, ach tá seans go mbeidh sé fliuch nó lábach in áiteanna. Mura mbíonn sé fliuch, oirfidh bróga reatha.
Stopfaimid le rud beag a ithe ar an tsiúlóid - tá gach seans nach mbeimid ag ithe sa Wicklow Heather mórán roimh 3:30.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn.
De bharr Pharáid Lá 'le Pádraig ní bheidh aon áit chruinnithe againn i lár na cathrach an uair seo.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath-  Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Cas ar chlé ag an Láithreach agus tar éis 600 m cas ar dheis ag an gcomhartha do na Muilte Olla (Woollen Mills). Tá an carrchlós ar  thaobh clé an an mbóthar sin.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide


Alma Ni Ghormain
5/3/2025 11:11:59 pm

Ba mhaith liom bheith libh Lá le Pádraig don tsiúlóid agus don bhéile agus beidh mé ag iarraidh síob go tús na siúlóide más feidir. Beir bua

Deaglán Ó Néill
6/3/2025 08:44:08 am

Beidh mise ag dul ar an tsiúlóid agus an béile.

Bláithín Ni Liatháin
7/3/2025 01:30:04 pm

Beidh mise ar an tsiúlióid is ag an mbéile in a dhiaidh. Síob uaim freisin

Emer Ní Bhrádaigh
7/3/2025 09:46:18 pm

Siúlóid agus béile ldt. Grmma

Áine Ní Leannáin
8/3/2025 06:52:30 pm

Siúlóid agus béile, GRMA.

Deirdre Ni Dhuillearga
10/3/2025 02:29:34 pm

Rachaidh mise ar an tsiúlóid agus ag an mbéile, a Sheáin.

Neans Ní Rathaille
16/3/2025 12:59:16 pm

Beidh mé ar an súiloid ach ní bheidh mé ar an mbéile. Slán


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly