Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid, Doire Bán, Dé Domhnaigh 14 Lúnasa 2016

27/8/2016

 
Picture
​Siúlóid: Doire Bán agus an ceantar thart air.
Cur síos: Siúlóid mheánach, suas le 3.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad : 15 km
Dreapadh: 500 m

Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag tús an Bhóthair Mhíleata i dtreo Ghleann Molúra.  Tagairt eangaí – T 139 954 nó N52.9969, W6.3024
 
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 3:30 agus 4:00 i.n.
 
Treoraí:  Séamus 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, déan teagmháil linn roimh ré ionas go mbeidh Séamus ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath;
Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh tá casadh ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra. Díreach ag an ngabhal sin tá leataobh (lay-by) a úsáidfimid mar charrchlós.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.
 

MEABHRÚCHÁN
 
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Seán Ó Fearghail
28/8/2016 12:28:36 am

Tá mé ag féachaint ar thuar na haimsire agus is leir go mbeidh aimsir mhaith againn le linn na siúlóide ar a laghad - http://www.yr.no/.../Lei.../Laragh~2963028/hour_by_hour.html


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly