Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid, Dé Domhnaigh, 8 Samhain 2015

3/11/2015

 
Siúlóid:        Log an Lá, Cnoc na Clochóige, Loch Deán.
Cur síos:     Siúlóid mheánach, 4 - 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Áit chruinnithe:     Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.  http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html 
nó
Tús na siúlóide:      Ionad páirceála ag Geataí Guinness, ar an mbóthar ón Tóchar go dtí Bearna Bhealach Sailearnáin (tagairt eangaí - O 172 064 nó N53.0957, W6.2510).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 4:00 agus 4:30 i.n.
Treoraí : Seán 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, cuir téacs chuig Seán roimh ré ionas go mbeidh sé ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Ó Bhaile Átha Cliath - tiomáin ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 i dtreo an Tóchair. 3km roimh an Tóchar (ag cúinne Kennedy’s) cas ar dheis ar an R759, i dtreo Bhearna Bhealach Sailearnáin (tá comhartha bóthair ag an ngabhal). Lean an R759 ar feadh 4 km agus beidh an carrchlós ar thaobh na láimhe deise.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps.
 
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH 
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly