Siúlóid: An Bóthar Míleata, Graibhéal, An Charraig Mhór, Mullach Cliabháin (an barr thoir), Carraig an tSeabhaic,
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 - 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad na siúlóide - 14 km
Dreapadh - 700 m
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ar an mBóthar Míleata idir Bearna Bhealach Sailearnáin (Sally Gap) agus an Láithreach. (Tagairt eangaí - O 107 064, nó 53.097N 6.349W ).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 5:00 agus 5:30 i.n.
Treoraí: Seán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn chun síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Tá an carrchlós ag an gCarraigín Dubh ar an mBóthar Míleata (R115) idir an Láithreach agus Baile Átha Cliath.
Más ag tiomáint ar an M11 ó Bhaile Átha Cliath atá tú, imigh den M11 ag Cill Mocheanóg agus téigh ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Cas ar dheis sa Láithreach (ag tús an tsráidbhaile) ar an R115. Tá an carrchlós thart ar 11 km ón Láithreach, agus 4 km i ndiaidh an easa, ar thaobh na láimhe deise.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html