Cur síos: Siúlóid éasca , 3 – 3.5 huaire an chloig ag siúl.
Beidh an tsiúlóid seo ar chosáin. Ach beidh sé fliuch agus láibeach in áiteanna, áfach.
Beimid ar ais ag na gluaisteáin ag 3:30 i.n.
Fad na siúlóide, 13 km, dreapadh < 200m
Nóta: Beidh Róisín ní Eadhra amuigh ar an tsiúlóid seo linn agus fear ceamara in éineacht léi. Bíonn clár teilifíse “Róisín” aici ar TG4 ag 8:30pm oíche Chéadaoin. Beidh suim aici labhairt linn, ár scéalta a chloisint, agallaimh a thaifeadadh etc. Beidh suim aici éisteacht le scéalta na mban go háirithe.
Seo do sheans bheith ar an teilifís. Agus má tá scéal suimiúil le hinsint agat bí ag smaoineamh air.
nó
Tús na siúlóide: An carrchlós ag Parnell Memorial Park i Ráth Droma in aice shéipéal Eaglais na hÉireann. Tagairt eangaí – T 190 880 nó N52.9300, W6.2306.
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Treoraí: Seán Ó Fearghail
Uimhir Theagmhála: 087 221 7800
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, cuir téacs chuig Seán roimh ré ionas go mbeidh sé ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:-
Téigh ar an M11 chomh fada le Ráth Naoi (Rathnew). Fág an M11 ag Ráth Naoi agus gabh an R752 go Gleann Fhaidhle (Glenealy) agus Ráth Droma (Rathdrum). Ag Ráth Droma ná tóg an chéad bhóthar isteach sa sráidbhaile, ach tóg an casadh ar dheis cúpla céad méadar tar an stáisiúin traenach. Feicfidh tú an carrchlós ar an taobh deas.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide
Nó is féidir traein a thógaint ó Stáisiún Uí Chonghaile go Ráth Droma ag 10:25 am. Bíonn traein ar ais go Baile Átha Cliath ó Ráth Droma ag 19:17 pm. Seo an nasc cuí : http://www.irishrail.ie/media/08_dublin-rosslare_from_010915.pdf
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html