Cur síos: Siúlóid mheánach/éasca , 4 – 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad na siúlóide, 14 km, dreapadh 500m
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag geata Choill Bhuaile na Smután. Tagairt eangaí - O 043 148 nó N53.17322, W6.4394 . Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Treoraí: Seán Ó Fearghail
Uimhir Theagmhála: 087 2217800
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, cuir téacs chuig Seán roimh ré ionas go mbeidh sé ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Téigh ar an N81 go Baile Choimín. Cas ar chlé, téigh trasna an droichid agus ar chlé ar an 'Lake Drive'. Tar éis 3.4 km cas ar dheis agus sroichfidh tú an t-ionad páirceála ar an taobh deas tar éis 2.5 km.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html