Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid, Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair, 2015

20/10/2015

 
Siúlóid: Gleann Log an Easa, Tóin le Gaoth, Barr Clochach, Mullach Cliabháin
Cur síos: Siúlóid mheánach 4.5 huaire an chloig ag siúl.(16km, 750m)
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. 
nó
Tús na siúlóide:   Carrchlós Ghleann Log an Easa (tagairt eangaí - O 113 030 nó N53.0665, W6.3400).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 4:30 agus 5:00 i.n.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Tá an carrchlós gar do Eas Ghleann Log an Easa (Glenmacnass Waterfall), ar an mBóthar Míleata (R115) idir an Láithreach agus Baile Átha Cliath.
Ag dul ar an M11 ó Bhaile Átha Cliath, imigh den M11 ag Cill Mocheanóg agus téigh ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Cas ar dheis sa Láithreach (ag tús an tsráidbhaile) ar an R115. Tá an carrchlós thart ar 7.5 km ón Láithreach, i ndiaidh an easa, ar thaobh na láimhe clé.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps

Treoraí : Seán 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, cuir téacs chuig Seán roimh ré ionas go mbeidh sé ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH 
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh.html

Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly