Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid, Dé Domhnaigh, 22 Samhain 2015

22/11/2015

 
Siúlóid: Cill Bhríde, Sliabh an Bhóthair (Butter Mountain), An Charraig .
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 - 4.5 huaire an chloig ag siúl.
​​Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide: Campa Míleata Chill Bhríde  (tagairt eangaí - O 065 179 nó N53.2001, W6.4082 ).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 4:00 agus 4:30 i.n.
 
Treoraí : Seán Ó F.  Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, cuir téacs chuig Seán roimh ré ionas go mbeidh sé ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag dul ó Bhaile Átha Cliath:
Rogha 1: Téigh ar an N81 go dtí An Briotás, ar chlé ansin ar an R114 go dtí an bóthar idir Bearna Bhuaile na Scornaí (Ballinascorney) agus Sliabh na mBánóg agus ansin an mionbhóthar ar dheis ag Stone Cross chuig tús na siúlóide tar éis 5 km,
        nó
Rogha 2: Téigh ar an R114 díreach ó Ráth Fearnáin (i.e Bóthar Bhóthar na Brúine) chomh fada leis an mionbhóthar idir Bearna Bhuaile na Scornaí agus Sliabh na mBánóg  agus ansin cas ar chlé ag Stone Cross chuig tús na siúlóide.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps
 
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH >> 

Seán
29/11/2015 12:35:10 pm

Deichniúir againn amuigh. Bhí an aimsir go hiontach, agus in áiteanna bhí radhairc dheasa againn ar an gcathair.


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly