Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Naisc
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Féilire
  • Siúlóidí & Imeachtaí
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2020
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2008
  • Teagmháil linn

Siúlóid, Dé Domhnaigh, 22 Bealtaine 2016

17/5/2016

 
​Siúlóid: Sliabh gCuilinn, Contae Ard Mhacha.
Cur síos: Siúlóid mheánach, suas le 5 huaire an chloig ag siúl.
Ar an tsiúlóid seo beidh an Carn Theas, Loch na Caillí Béara, an Carn Thuaidh, Coill Bhaile an Teampaill, carn seomrach agus roinnt carn eile le feiceáil.
Fad na siúlóide - 13 km
Dreapadh  - 500 m
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide: Slieve Gullion Courtyard Centre (J 043 191 nó N54.1102, W6.4056), 1.5 km thiar ó dheas ón Maigh (Meigh i mBéarla)

Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 5:00 agus 5:30 i.n.
 
Treoraí:  Liam agus Nóra
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, cuir téacs chugainn roimh ré ionas go mbeidh sé ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Tóg bealach amach 20 ar an M1, agus téigh 3km go dtí an Mhaigh. San Mhaigh cas ar chlé agus sroichfidh tú an Slieve Gullion Courtyard Centre ar an taobh deas tar éis 1.5km.  Fágfar roinnt gluaisteán ansin agus roinnt eile ag ionad páirceála gar don Charn Theas.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 
MEABHRÚCHÁN

Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.

Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH


Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html


Seán
21/5/2016 06:06:54 pm

Is cosúil go mbeidh ceathanna báistí ann tráthnóna amárach idir treimhsi gréine. Ná déan dearmad do chóta báisti a thabhairt leat.
http://www.yr.no/place/United_Kingdom/Northern_Ireland/Meigh/hour_by_hour.html


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn  agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua i gcónaí. Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Do Bhallraíocht

    Na déan dearmad do  bhallraíocht bhliantúil a athnuachan.
    Is féidir é a dhéanamh ar líne

    Rannóga

    All
    Gnáthshiúlóidí
    Grianghraif
    Grianghraif 2008
    Grianghraif 2009
    Grianghraif 2010
    Grianghraif 2011
    Grianghraif 2012
    Grianghraif 2013
    Grianghraif 2014
    Grianghraif 2015
    Grianghraif 2016
    Grianghraif 2017
    Grianghraif 2018
    Imeachtaí Sóisialta/cultúrtha
    Siúlóidí Um Thráthnóna
    Turas/Deireadh Seachtaine

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
cnocadoiri@yahoo.com
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly