Fuaireamar slite deasa agus cosáin mhaithe. Ag tús na siúlóide, bhí píosa spóirt againn le fear a bhí ag iarraidh stop a chur orainn páirceáil. Rinne Fionn an beart ach is fiú tabhairt faoi deara nach bhfuil cead páirceála ar an mbóthar beag sin anois (T 142 196).
Faoi dheireadh, bhí na deochanna tuillte againn i dteach Lynam. Déanfaimid an tsiúlóid seo arís nuair a bheidh an ghrian ag taitneamh. Mar sin, bí ag faire amach!