Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Naisc
      • Cartlann
  • Ballraíocht
  • Siúlóidí & Imeachtaí
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2008
  • Teagmháil linn

Siúlóid, Dé Domhnaigh, 17 Eanáir 2016

17/1/2016

 
Siúlóid: “Jack the Rags”, Braigue Mountain, Sliabh Dhoire Bán, Sruthán an Loig Dhuibh, Sliabh na Cuileanntraí
 
Cur síos: Siúlóid mheánach/éasca , 4 – 4.5 huaire an chloig ag siúl.

Beimid ar ais ag na gluaisteáin ag 4:30 i.n.
Fad na siúlóide, 15 km, dreapadh 500m​
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide:  Carrchlós ag tús an Bhóthair Mhíleata i dtreo Ghleann Molúra.  Tagairt eangaí – T 139 954 nó N52.9969, W6.3024.

Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 

Treoraí: Daithí Butler
Uimhir Theagmhála: 087 640 1443

Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, cuir téacs chuig Daithí roimh ré ionas go mbeidh sé ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- 

Gabh an M11 go dtí Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh cas fó dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra. Díreach ag an ngabhal sin tá leataobh (lay-by) a úsáidfimid mar charrchlós.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide 



MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.

 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH 
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. 
http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.

    Do Bhallraíocht

    Na déan dearmad do  bhallraíocht bhliantúil a athnuachan.


    Eolas fúinn

    Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn  agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua i gcónaí. Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. 

    Rannóga

    All
    Gnáthshiúlóidí
    Grianghraif
    Grianghraif 2008
    Grianghraif 2009
    Grianghraif 2010
    Grianghraif 2011
    Grianghraif 2012
    Grianghraif 2013
    Grianghraif 2014
    Grianghraif 2015
    Grianghraif 2016
    Grianghraif 2017
    Imeachtaí Sóisialta/cultúrtha
    Siúlóidí Um Thráthnóna
    Turas/Deireadh Seachtaine

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag gcoiste deonach. 
Ar ais go barr an leathnaigh
 Abhaile
cnocadoiri@yahoo.com
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly
✕