Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Abhann - Dé Domhnaigh, 20 Deireadh Fómhair 2024 - Siúlán na Bearú

17/10/2024

 
Picture
Siúlán na Bearú; Ceatharlach go Muine Bheag
Fad; 20km, Dreapadh; 0m, Siúlóid ar an gcothrom. 
5 uair an chloig ag siúl

Treoraí; Breandán 

Rachaimid ar an traein ó Stáisiún Heuston go Ceatharlach agus siúlfaimid ó stáisiún traenach Cheatharlach go Muine Bheag ar Shlí na Bearú. Gheobhaimid an traein ar ais ó Mhuine Bheag go Baile Átha Cliath.

Nó, tá rogha ann - tiomáint go stáisiún traenach Cheatharlach chun bualadh leis an ngrúpa ansin, agus taisteal ar ais go Ceatharlach ar an traein, tar éis na siúlóide

Fágfaidh an traein stáisiún Heuston ag 9:10 r.n. go cruinn. Moltar duit do thicéad a cheannach ar líne roimh ré, toisc go bhfuil oifig na dticéad ag Heuston dúnta agus gur féidir leis na meaisíní ticéid a bheith mall. Beidh ticéad fillte lae ag teastáil go Muine Bheag, €19.50 an costas, mura bhfuil taisteal saor in aisce agat. 
Sroichfidh an traein stáisiún Cheatharlach thart ar 10:15, agus beimid réidh chun siúl ón stáisiún ag 10:30. 
Beidh an traein ar ais ó Mhuine Bheag ag 17:00, a sroichfidh Stáisiún Heuston thart ar 18:10. 


Siúlóid abhainn a bheidh i gceist, ag siúl trí bhaile Cheatharlach chuig abhainn na Bearú, agus ag leanúint Shlí na Bearú chuig Muine Bheag. Leanann an tsiúlóid Turas Columbanus freisin. Beimid ar chosáin an chuid is mó den shlí, ach b’fhearr buataisí nó bróga reatha uiscedhíonacha a chaitheamh.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly