Dé hAoine, 16 Meán Fómhair 2016
Seo liosta na n-imeachtaí a bheidh ar siúl trí Ghaeilge le linn Oíche Chultúir Bhaile Átha Cliath
Beidh cuid againn ag dul go dtí:
(1) Teach Uibh Eachach ag 5:00 i.n.,
(2) Uiscebhealaí Éireann ag ~7:00 i.n.
(3) Foras na Gaeilge ag 8:00 i.n.
Tá gach seans go leanfaimid ar aghaidh go dtí Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair.
Tar linn, nó má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn.
Seo an liosta iomlán
1 Teach Uíbh Eachach, Faiche Stiabhna - Iveagh House, Stephen’s Green
5:00 Turas trí Ghaeilge (i mBéarla as sin ar aghaidh)
2 Uiscebhealaí Éireann -Waterways Ireland, Cé na Canálach Móire
6:30 --- 9:30 Oireachtas na Gaeilge, Taispeántas Grianghraf, ceol, damhsa
3 Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean - Merrion Square
8:00 – 9:30 An Bóthar - Seisiún ceoil bunaithe ar fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin
5:00 --- 9:00 Turas trí Ghaeilge gach uair a chloig.
5 Gael Linn, Cé an Adhmaid - Wood Quay Venue, Oifigí Chomhairle Cathrach BhÁC.
5:00 --- 8:00 Ceol, Amhráin etc
6 Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair – Harcourt St.
8:00 --- 11:00
7 Gaelchultúr, 11 Sr. an Chláraigh – Clare St.
5:00 --- 8:00 Ceol, ranganna samplacha
8 Oireachtas na Gaeilge, Cé Theach an Chustaim – Custom House Quay
5:00 Rás curach ar an Life
9 Pictiúrlann Lighthouse, Margadh na Feirme – Smithfield
7:30 an scannán "Amhrán na Mara"
10 Ard Oifig an Phoist : The GPO Garrison and the Moore Street Battlefield
7:00 --- 8:45 Turas trí Ghaeilge. Níl aon ticéid fágtha