Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Loch Bré Uachtair & Íochtair, Dé Domhnaigh, 14 Lúnasa 2016

7/8/2016

 
Picture
​
Siúlóid: Loch Bré Uachtair agus Íochtair i nGleann Crí

​Cur síos:
Siúlóid mheánach, suas le 3.5 huaire an chloig ag siúl.

Fad : 13 km
Dreapadh: 400 m

Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide: Ionad Páirceála ar an mBóthar Míleata in aice le Loch Brí Uachtair.  (Tagairt eangaí: O 143 151 nó N53.1747, W6.2918)

Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 3:30 agus 4:00 i.n.
 
Treoraí:  Mairtín Ó Fainín
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, bí i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath; Ag an Yellow House i Ráth Fearnáin, cas ar dheis. Téigh 2 km agus cas ar dheis ar Bhóthar Bhaile Scallart (Scholarstown Road), agus ansin láithreach ar chlé ar Lána Stoicín / Bóthar Míleata / R115. Lean ar aghaidh 14 km go dtí an t-ionad páirceála ar an taobh clé. Tá an t-ionad páirceála seo 3 km ó dheas ó Ghleann Crí i.e 3 km tar éis an chasaidh go hIonad Athmhuintearais Ghleann Crí.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps
 

MEABHRÚCHÁN
 
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
 

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly