Cur síos: Siúlóid mheánach, suas le 4 huaire an chloig ag siúl. Tá seans go mbeidh an talamh fliuch in áiteanna
Fad : 10 km
Dreapadh: 400 m
nó
Tús na siúlóide: Garryknock, 1km roimh dheireadh an bhóthair i nGleann Bhríde. (Tagairt eangaí: O 031 037 nó N53.0736, W6.4665)
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 4:30 agus 5:00 i.n.
Treoraí: Eibhlín
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, dea teagmháil linn roimh ré ionas go mbeidh Eibhlín ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath, téigh ar an N81 thar Bhaile Coimín;
2.5 km tar éis Bhaile Coimín, cas ar chlé ar an R758 go dtí an Chrois (Valleymount);
1.5km i ndiaidh na Croise, cas ar chlé ar bhóithrín cúng (comhartha: Slí Chaoimhín);
tar éis 4km cas ar chlé i dtreo Ghleann Bhríde;
tar éis 1km sroichfidh tú an t-ionad páirceála, áit a bhfuil geata foraoise ar dhá thaobh an bhóthair.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html