Ní bheidh siúlóid againn Déardaoin, 18 Meitheamh 2026.
Ina hionad beidh siúlóid chomórtha againn Lá Bloom, Dé Máirt, 16 Meitheamh
Teacht le chéile: 6.30 i.n. De Máirt, 16 Meitheamh 2026
os comhair "Columbia Mills", ag 14-15 Cé Sir John Rogerson (D02 E409)
Treoraí: Breandán
An tSiúlóid: San úrscéal Ulysses le James Joyce, siúlann duine de na príomhcharachtair, Leopold Bloom, thart ar 1.2 km ó Ché Sir John Rogerson go dtí an Chógaslann cháiliúil, Sweny, ag Plás Lincoln.
Sa tsiúlóid tráthnóna Dé Máirt, tabharfar cuairt ar chuid de na sainchomharthaí a dtéann Bloom tharstu ar a bhealach agus tabharfar cuntas gearr ar na foirgnimh shuntasacha agus ar na sráideanna stairiúla.
Léifear sleachta ábhartha den leabhar (i mBéarla).
Mairfidh an tsiúlóid timpeall uair an chloig.
Beidh deoch againn i teach tábhairne Kennedy, Rae an Iarthair tar éis na siúlóide - teach tábhairne a luaitear in Ulysses.
Beidh fáilte roimh chách
Go siúla tú linn an Samhradh seo