Tosóimid ó Bhrú na hEaragaile i nDún Lúiche ag 9:30 r.n. gach maidin i.e Dé Sathairn 4 /6, Dé Domhnaigh 5/6 agus Dé Sathairn 7/6.
Beidh siúlóid fhada agus ceann gearr againn gach lá le linn na cuairte agus beidh fáilte roimh dhaoine eile ar mhaith leo teacht amach ag siúl linn ar na siúlóidí. Más mian leat na siúlóidí fada nó níos deacra a dhéanamh, iarrtar go mbeadh ballraíocht i Sléibhteoireacht Éireann (Mountainnnering Ireland) agat.
Fosta, iarrtar go mbeadh éadaí agus bróga oiriúnacha á gcaitheamh agat agus lón agus uisce a bheith leat.
Seo iad na siúlóidí :
De Sathairn – 4 Meitheamh 2016
Siúlóid Sléibhe: Eachla Bheag agus Eachla Mhór
14 km, 810 m
Siúlóid éasca: Gaoth Dobhair, Loch na Cuinge Uachtarach, Loch Dhún Lúiche, An Gleann Nimhneach
11 km, 200 m
Dé Domhnaigh - 5 Meitheamh 2016
Siúlóid Sléibhe: An Cnoc Glas agus Sliabh Sneachta
16 km, 930 m
Siúlóid éasca: Bun an Inbhir, Cnoc Fola, Mín Lárach
12 km, 100 m
De Luain – 6 Meitheamh 2016
Siúlóid Sléibhe: An Earagail
5 km, 550 m
Nó: Páirc Náisiúnta Dhoire Bheatha
Ta níos mó eolais faoi na siúlóidí fada le feiceáil sna comhaid seo: | |
gaoth_dobhair_cnoc_glas_sliabh_sneachta.pdf |
eachla_mhór_agus_bheag__loch_alltain.pdf |