Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Dinnéar na Nollag

4/12/2015

 
​Beidh Dinnéar na Nollag againn i mbliana ar an Aoine 4ú Nollaig ag 8.15. Tá bord curtha in áirithe againn sa bhialann 101 Talbot Street, i Sráid Thalbóid, Baile Átha Cliath 1. 
Picture
Tá an biachlár agus léarscáil den áit a bhfuil an bhialann suite le fáil ag www.101talbot.ie

Costas 34 euro a bheidh ar an bhéile (trí chúrsa + tae nó caife + táille seirbhíse san áireamh).

Beidh deoch againn le chéile roimh an bhéile ó 7.30 ar aghaidh in Óstán Wynn’s atá gar don bhialann. Beimid ag suí síos don bhéile ag 8.15. 

Beidh fáilte romhaibh ar fad chuig an bhéile - má tá suim agat teacht, bheimis buíoch dá bhféadfá an 34 euro a íoc roimh an Déardaoin 26 Samhain agus téacs a sheoladh chuig 087 6683873.

Íocaíochtaí leis an Chlub (eg le haghaidh ballraíochta nó turais nó béilí)
Modh íocaíochta 1: Íoc ar líne nó lóisteáil sa bhanc. (Is é seo an modh a b’áisiúla don chisteoir mar nár ghá dó dul go dtí an banc go minic le seiceanna). Cuir ríomhphost chuig [email protected] chun an sonraí bainc a fháil. Má dhéanann tú an íocaíocht ar líne, dá bhféadfá a chinntiú le do thoil go bhfuil d’ainm luaite leis an íocaíocht. Má dhéanann tú an t-airgead a lóisteáil sa bhanc, dá bhféadfá an uimhir/an cód a thugtar duit sa bhanc a choimeád. Nuair a bheidh an íocaíocht déanta agat, dá bhféadfá ríomhphost a chur chuig cnocadoirí@yahoo.com chun a chur in iúl go bhfuil an íocaíocht déanta agat.
  
Modh Íocaíochta 2: Seic
Más rud é nach mbeidh tú ábalta íoc isteach sa chuntas, dá bhféadfá seic (iníoctha leis na Cnocadóirí) a sheoladh chuig an chisteoir. Má chuireann tú ríomhphost chuig [email protected], cuirfear seoladh agus uimhir an chisteora chugat (dá bhféadfá le do thoil téacs a chur chuige chomh maith chun a insint dó go bhfuil seic curtha sa phost).


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly