Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid bhreise, Dé Domhnaigh, 13 Nollaig 2015

13/12/2015

 
Siúlóid:  Tuamaí meigiliteacha shléibhte Bhaile Átha Cliath agus Slí Chualann
 
Cur síos: Siúlóid mheánach/éasca, 4 huaire an chloig ag siúl.
Dreapadh 500m, fad 15 km, an tsiúlóid ar fad ar chosáin.
​
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.
www.cnocadoiri.com/treoracha.html.
nó
Tús na siúlóide: An carrchlós ag barr lána Chill Mochióg (Kilmashogue Lane) (tagairt eangaí : O 151 245 nó N53.2584, W6.2763 ). 
Tosóimid ag siúl ag 11.15 r.n. 

Nóta: Tosóimid ag siúl níos luaithe ná mar is gnách toisc tús na siúlóide bheith cóngarach don chathair

Treoraí:          Seán Ó Fearghail
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath :-  I Ráth Fearnáin cas ar dheis ar an R115 – Bóthar Shruthán Liam (Willbrook Road) ag an Yellow House. Tar éis 1 km cas ar chlé ar Bhóthar an Teampaill Ghil (Whitechurch Road) ag an sean teach tábhairne (The Tuning Fork). Lean an bóthar sin 3 km agus díreach tar éis an M50, tóg an chéad bhealach amach ar Lána Chill Mochióg ag an timpeallán. Sroichfidh tú carrchlós mór Chill Mochióg ar an taobh clé tar éis 1 km.  Nó lean an
nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna le laghdú ar an líon carranna ar na bóithre agus ar an líon carranna a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.

 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH

Seán
8/12/2015 02:06:50 pm

Seo siúlóid bhreise toisc na bearna móire idir na siúlóidí sléibhe ar 6 Nollag agus 3 Eanáir 2016.

Seán
12/12/2015 03:20:33 pm

Tá an aimsire dona go leor inniu.
Ach beidh sí níos fearr amárach. Ní bheidh aon bháisteach ann agus tá súil agam go mbeidh radharcanna deasa le fáil.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly