Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Comóradh 1916  -  Siúlóid Stairiúil, 24 Aibreán 2016

21/4/2016

 
Chun comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca 1916 beidh siúlóid stairiúil á reáchtáil ag Na Cnocadóirí.

Dáta:        Dé Domhnaigh 24 Aibreán.
Am:          12.45.
Teacht le Chéile ag:   Halla na Saoirse.                                                               
Treoraí:    Séamus Ó Maitiú
An tsiúlóid: Beimid ag siúl chuig príomhláithreacha an Éirí Amach.
(Coláiste na Tríonóide .. Halla na Cathrach …Caisleán Átha Cliath ..Ard Oifig an Phoist...Sráid an Mhúraigh..Teach an Phiarsaigh…Gairdín Cuimhneacháin agus araile)

Tabharfaidh Séamas eolas dúinn ar na láithreacha stairiúla éagsúla le linn na siúlóide.

Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair a chloig.

Beidh deoch / cupán caife againn gar do chríoch na siúlóide.

Fáilte roimh chách idir bhaill agus neamhbhaill. Beidh an tsiúlóid saor in aisce do bhaill an chlub ach chun tacú leis an imeacht, bheimis buíoch as táille 5 euro ó  neamhbhaill.
 ​
Bláithín
24/4/2016 10:00:09 pm

Siúlóid shuimiúil, spreagúil is taitneamhach. Bhí isteach is amach ar 21 duine ar an siúlóid.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly