Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Naisc
      • Cartlann
  • Ballraíocht
  • Siúlóidí & Imeachtaí
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2008
  • Teagmháil linn

Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 24 Lúnasa 2017

21/8/2017

 
Picture
Siúl Linn an Samhradh Seo!!
 
Maigh Nuad agus Eastát Chartún 

Teacht le chéile: 7:00pm Stáisiún traenach Mhaigh Nuad.
Fágann traenacha Stáisiún Uí Chonghaile ag 17:44, 18:10 agus 18:18 a shroicheann Maigh Nuad ag 18:24, 18:48 agus 19:00 faoi seach agus a stopann ag gach stáisiún ar an mbealach. Tá traein díreach ó Stáisiún Uí Chonghaile go Maigh Nuad ag 18:05. 

Siúlóid: Bruach na Canálach Ríoga,  Eastát Chartún, agus ar ais trí bhaile Mhaigh Nuad. Mairfidh an tsiúlóid 2 uair a chloig. 

Críoch: Tógfaimid deoch i dteach tábhairne, The Roost,  i Maigh Nuad. 
Is féidir filleadh ar an gcathair ar an traein ó Mhaigh Nuad. 

Treoraí: Seán

Tá eolas faoina traenacha anseo: http://www.irishrail.ie/media/14_m3_parkway_maynooth_longford.pdf

Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 17 Lúnasa 2017

14/8/2017

 
Picture
Siúl Linn an Samhradh Seo!!
 
Siúlóid ar an gcósta ó Dhomhnach Bat go Mullach Íde
 
Teacht le chéile: 6:45pm Stáisiún traenach Dhomhnach Bat.
Fágann traenacha Stáisiún Uí Chonghaile ag 17:35, 18:02, 18:23 agus 18:40 a shroicheann Domhnach Bat ag 17:59, 18:31, 18:47  agus 18:56 faoi seach. Ní stopann gach traein ag gach stáisiún ar an mbealach.

 
An tSiúlóid: Diméin an Droichid Nua, timpeall Inbhear an Mhóinéir Leathain go Mullach Íde. Beimid ag siúl ar an trá agus ar chosáin  agus tá seans go mbeidh sé fliuch in áiteanna.
Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair a chloig.
 
Críoch: Beidh deoch againn i dteach tábhairne i Mullach Íde.
Is féidir filleadh ar an gcathair ar an traein ó Mhullach Íde, nó traein a thógáil ar ais go Domhnach Bat ag 21:10, 21:55 nó 22:55. 
Má tá sé ar intinn agat teacht linn, tóg greim beag bia leat le hithe ar an trá - nó le tabhairt do na healaí ag Inbhear an Mhóinéir Leathain!
 
Treoraí: Seán
Ná bíodh leisce ort glao a chur air má bhíonn eolas ar bith eile ag teastáil faoin tsiúlóid!

Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 3 Lúnasa 2017

31/7/2017

 
Picture
Siúl Linn an Samhradh Seo!

Beimid ag siúl cois farraige Dheisceart na Cathrach an uair seo.

​Teacht le chéile: 6:30 ag Staisiún Dart Rinn na Mara (Seapoint).


Bealach na siúlóide : Rinn na Mara ... Baile na Manach .. cuairt ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar Chearnóg Belgrave.... Cois Farraige go Cuas an Ghainimh/Glas Tuathail.

Treoraí:  Daithí

Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 27 Iúil 2017

25/7/2017

 
Picture
Siúl Linn an Samhradh seo!
Beimid ag siúl i lár na cathrach an uair seo.
Teacht le chéile -7.00pm  ag cúinne  Dhroichead Uí Chonaill agus Ché Éidin.

Siúlfaimid ar na Céanna Thuaidh chomh fada le Droichead Samuel Beckett agus ar aghaidh go dtí bruach na Canálach Móire. Leanfaimid an chanáil go Raghnallach.
​Ar ais linn don chathair go Lána Áine (Sráid Áine) go Tábhairne Zosimus, áit a mbeidh Pop-up Gaeltacht mhí Iúil ar siúl.



Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 20 Iúil 2017

17/7/2017

 
Picture
Siúl Linn an Samhradh seo!

Bealach na siúlóide:  Cill Droichid, Teach Bhaile an Chaisleáin agus an Iothlainn Aisteach 
(Castletown House agus an Wonderful Barn).

Am: 6:30pm 
Bialann Michaelangelo ar an bPríomhshráid i gCill Droichid

Busanna: 67 ó Chearnóg Mhuirfean ag 17.20 agus 67X ó Shráid Westmoreland ag 17.30.

Ag Tiomáint - N4 go Acomhal 5  i dtreo Chill Droichid. Sa sráidbhaile téigh trasna an droichid agus cas ar dheis ar an bPríomhshráid.
Lean díreach ar aghaidh 350m.
Treoraí:  Déaglán 
​
 Seo NASC ar Google Maps go dtí tús na siúlóide. 


Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 13 Iúil 2017

2/7/2017

 
Picture
Siúl Linn an Samhradh Seo!
Bealach na Siúlóide: Séipéal Iosóid (Chapelizod) - Droichead na hInse (Islandbridge) - Páirc an Fhionnuisce  (Phoenix Park)
​

Am : 6:30 pm
Buailfimid le chéile ar an droichead thar an Life i sráidbhaile Shéipéal Iosóid.


Busanna go Séipéal Iosóid: 25, 26, 66, 66A, 66B, 67
Ólfaimid deoch sa teach tabhairne "The Villager" i Séipéal Iosóid tar éis na siúlóide.
Treoraí:    Eileen

Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 6 Iúil 2017

1/7/2017

 
Picture
Siúil linn an Samhradh seo!

Beimid ag siúl ar chósta thuaisceart na cathrach.

Siúlóid: Cois farraige ó Mhullach Íde go Port Mearnóg is ar ais arís go Mullach Íde.

​Beidh radharc againn ar Oileán Reachrann is ar Inis Mac Neasáin.


Teacht le chéile:  6.45 ag Stáisiún Dart Mhullach Íde.

Beidh deoch againn i dteach tábhairne i Mullach Íde tar éis na siúlóide.
Treoraí: Bláithín  

Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 29 Meitheamh 2017

23/6/2017

 
Picture
Siúl linn an Samhradh seo!
 
Siúlóid ar bhruach na Dothra ón Life go Rath Fearnáin
 
Teacht le chéile: 18:30 ag Cearnóg na Canálach Móire (os comhair Amharclann Bhord Gáis Energy)
 
Siúlóid: Siúlfaimid ar chosáin agus ar bhóithre beaga ó bhéal na Dothra ag Duga na Canálach Móire go dtí tús an Bhóthair Mhíleata  .
Mairfidh an tsiúlóid 2 uair a chloig.
 
Críoch: Tógfaimid deoch sa Yellow House i Ráth Fearnáin.
Is féidir filleadh ar an gcathair ar bhus ó Ráth Fearnáin.
 
Treoraí: Seán

Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 22 Meitheamh 2017

18/6/2017

 
Picture
Siúil linn an Samhradh seo!

Tosóimid ag siúl ar bhruach na Canálach Ríoga go dtí Baile an Ásaigh
Fillfimid ar bhruach na Tulchann.

Beidh deoch againn i dTigh Tábhairne na Gravediggers i ndiaidh na siúlóide.

Buailfimid le chéile ag 18:30 ag Dealbh Bhreandáin Uí Bheacháin ag bun Bhóthar Whitworth i nDroim Conrach.

Treoraí  Eileen

Siúlóid  - Na Sceirí, Dé Domhnaigh, 18 Meitheamh 2017

10/6/2017

 
Picture
Siúlóid:   Na Sceirí - Ard Giolláin - Na Sceirí
Siúlóid Éasca:   3.5 huaire ag siúl.
 
Áit chruinnithe:      Stáisiún Traenach Na Sceirí ag 12.00
 
Cúrsaí Taistil:   Traein ó Stáisiún na bPiarsach ag 11.15   Tá carrchlós in aice láimhe ach caithfear íoc as.
 
Treoraí:   Emer 
Nóta:   Tá seans (ag brath ar taoide) go mbeidh orainn siúl ar an mbóthar in áiteanna. Moltar duit veist shofheicthe (hi-viz vest) a thabhairt leat.


Read More
<<Previous

    Do Bhallraíocht

    Na déan dearmad do  bhallraíocht bhliantúil a athnuachan.


    Eolas fúinn

    Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn  agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua i gcónaí. Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. 

    Rannóga

    All
    Gnáthshiúlóidí
    Grianghraif
    Grianghraif 2008
    Grianghraif 2009
    Grianghraif 2010
    Grianghraif 2011
    Grianghraif 2012
    Grianghraif 2013
    Grianghraif 2014
    Grianghraif 2015
    Grianghraif 2016
    Grianghraif 2017
    Imeachtaí Sóisialta/cultúrtha
    Siúlóidí Um Thráthnóna
    Turas/Deireadh Seachtaine

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag gcoiste deonach. 
Ar ais go barr an leathnaigh
 Abhaile
cnocadoiri@yahoo.com
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly
✕