7:30 pm.
ag Conradh na Gaeilge , 6 Sráid Fhearchair.
Do bhaill amháin
9:00pm Dinnéar in Milano's, Sraid Dawson - fáilte roimh chách ag an dinnéar
Cruinniú Cinn Bhliana an Chlub 7:30 pm. ag Conradh na Gaeilge , 6 Sráid Fhearchair. Do bhaill amháin 9:00pm Dinnéar in Milano's, Sraid Dawson - fáilte roimh chách ag an dinnéar
0 Comments
Príosún Chill Mhantáin - Turas Treoraithe trí Ghaeilge, Dé Sathairn, 14 Deireadh Fómhair 20178/10/2017 Am: 12:00 meánlae Mairfidh an turas ar fad (an chuid threoraithe agus an chuid fhéintreoraithe ina dhiaidh sin) thart ar uair go leith. Táille: 7 Euro Teacht le chéile: 11:50 i.n. ag an bPríosún féin, 1 Cnoc Chill Mhantáin (1 Kilmantin Hill), Baile Chill Mhantáin. Nó Idir 11:00 agus 11:40 ag The Coffee Shop, Sráid an Droichid (Bridge Street), atá 500 m ón bPríosún. Seo nasc don Phríosún ar Google Maps Taisteal: Fágann traein Stáisiún Uí Chonghaile ag 9:40 i.n. a shroicheann Baile Chill Mhantáin ag 10:40 i.n. Tá an stáisiún traenach timpeall 1.7 km (20 nóiméad) ón bPríosún, nó 1.2 km (15 nóiméad) ón Coffee Shop. Tá traein ar ais go dtí an chathair ag 14:41 Siúlóid: Má bhíonn fonn ar dhaoine, déanfaimid siúlóid ghearr éasca go Ceann Chill Mhantáin agus ar ais (1.5 - 2 uair an chloig) tar éis an turais. Teagmhálaí: Seán Ó Fearghail Uimhir Theagmhála: 087 2217800 Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta uimhreacha a chomhordú. Beárbaiciú an Chlub Teach Emer in Áth an Gainimh (Sandyford). Tosófar é ag 3.00 Bígí linn! Fáilte roimh chách. Baill: Saor in aisce Fáilte roimh neamhbhaill agus cairde (le Gaeilge) ach bheimis buíoch as síntiús 5 euro Tábhachtach Má tá sé ar intinn agat bheith ann seol: - ríomhphost chuig cnocadoiri@yahoo.com faoin Déardaoin 15 Meitheamh - nó téacs chuig Anna Ní Mhonacháin agus tabhairfimid an seoladh cruinn duit. Bia agus Deoch Cuirfear bia te ar fáil - tabhair leat cibé a bheidh á ól agat. Sailéidí is milseoga de dhíth. Abair linn más feoilséantóir thú. Cuairt lae ar Ghleann Dá Loch le mic léinn Scéim Chónaithe TCD, Na Cnocadóirí agus le lucht “an Chéadaoin @ An Bhutrach” (ciorcal comhrá seachtainiúil TCD). Tá súil againn go gcothóidh an turas cumarsáid agus caidreamh idir dreamanna agus aoisghrúpaí éagsúla.
10.00 pm Bus a fháil ó Shráid Nassau (suas le 10 spás* ar fáil ar an mbus do bhaill de Na Cnocadóirí) 11.30 pm Sos caife i nGleann dá Loch in Ionad na gCuairteoirí** 12.15 pm Siúlóid measartha éasca sa ghleann (agus beidh ár lón againn ar na sléibhte - tabhair do lón pacáilte féin leat) Má bhíonn tú ag tiomáint go Gleann dá Loch tosóidh an tsiúlóid ag Ionad na gCuairteoirí. 3:00 pm Turas ar Ionad na gCuairteoirí ** 4:00 pm Am saor (le cuairt a thabhairt ar na seanfhothraigh, srl) 5:00 pm Béile ** 6.30 pm Deoch agus roinnt ceoil ** 8:00 pm Bus ó Ghleann Dá Loch 9.30 pm Ar ais i Sráid Nassau Nótaí * Tá líon teoranta spásanna* ar an mbus, dáileofar iad orthu siúd is túisce a iarrfaidh iad! - seol ríomhphost chuig gaeloifig@tcd.ie roimh 5:00 pm ar an Máirt, 21 Márta. ** Beidh costais an lae ort féin.** Clúdaithe: Suíochán ar an mbus, más ábhartha. Tuilleadh Eolais: Oifigeach na Gaeilge, TCD, Aonghus Dwane Treoraithe na siúlóide: Liam agus Nóra Nóta Tábhachtach: Dinnéar Beidh béile againn ag 6:00pm tar éis na siúlóide i 8a Brasserie, An Corrán, Baile na Manach – The Crescent, Monkstown. Tá an bhialann 400 m ó Stáisiún DART Bhaile na Manach. Beidh praghas 33 Euro ar thrí chúrsa, tae/caife - táille sheirbhíse san áireamh (service charge included). Fáilte romhat chuig an mbéile fiú murar féidir leat dul ar an tsiúlóid. Más mian leat dul chuig an mbéile, cuir ríomhphost chuig cnocadoiri@yahoo.com nó cuir téacs chuig 087 221 7800 Caithfimid a rá go luath leis an mbialann cé mhéad duine a bheidh ann. Siúlóid: Bealach Sléibhe Bhaile Átha Cliath - Dublin Mountain Way, Seaneaglais agus cloigtheach Ráth Michíl, Carraig Uallacháin, Baile Mhic Fheorais, na mianaigh luaidhe Cur síos: Siúlóid measartha éasca, 3.5 /4 huaire an chloig ag siúl. Beidh an tsiúlóid seo ar chosáin. Ach tá seans go mbeidh sé fliuch agus láibeach in áiteanna, áfach. Fad na siúlóide: 10.5 km; dreapadh 500 m Tús na siúlóide: Teach Tábhairne Brady's, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Seanchill, Co. Bhaile Átha Cliath. : O 253 217 nó N53.2300, W6.1243 Ní bheidh cead againn páirceáil ag an teach tábhairne, beidh sé an-ghnóthach an lá sin Tosóimid ag siúl ag 12:45 r.n. Treoraí: Seán Dún Richmond (Richmond Barracks), an áit inar coimeádadh na reibiliúnaigh tar éis Éirí Amach 1916, sular cuireadh na ceannairí chun báis agus sular cuireadh na daoine eile anonn go Frongoch sa Bhreatain Bheag. Le linn an turais seo beidh cur síos ar stair an dúin féin agus beidh deis againn cuairt a thabhairt ar an tseanreilig in aice leis. B’shin an chéad reilig Chaitliceach in Éirinn, a bhunaigh Daniel O'Connell i 1829. Tosóidh an turas ag 11:00, ach déan iarracht a bheith ann cúpla nóiméad roimhe sin. Tá Dún Richmond in Eastát Mhichíl in Inse Chór Tá sé 5 nóiméad de shiúl na gcos ó Stad Dhroimeanaigh (Drimnagh) ar an Luas, an Líne Dhearg – lean an nasc seo ar GoogleMaps Nó 3 nóiméad ó Stad 1946 ar bhealach bus uimhir 13, 40 nó 68 – lean an nasc seo. Teacht le chéile: ag Dealbh Uí Dhonnabháin Rossa. (Taobh istigh den gheata isteach do Fhaiche Stiabhna ag barr Shráid Grafton) Am: 11.30 r.n. Bealach na siúlóide: Faiche Stiabhna, Gairdíní Uíbh Eachach, Sráid Líosain, Cearnóg Mhic Liam agus ag críochnú i gCearnóg Mhuirfean. Cuirfimid eolas ar stair agus ar sheanchas na n-áiteanna seo le linn na siúlóide. Beidh lón againn ar Rae Mhuirfean. (Café Nero nó Doheny & Nesbitt) Mairfidh an tsiúlóid idir uair go leith agus dhá uair a chloig. Treoraí Bláithín Seo liosta na n-imeachtai a bheidh ar siúl againn le linn Sheachtain na Gaeilge 5 Márta Siúlóid éasca - Faichí agus cearnóga dheisceart na cathrach 11 Márta Dún Richmond, Richmond Barracks, Inse Chór (turas treoraithe trí Ghaeilge) 12 Márta Siúlóid sléibhe 17 Márta Siúlóid measartha éasca - Seanchill agus Bealach Sléibhe Bhaile Átha Cliath (Shankill, Dublin Mountain Way) agus dinnéar ina diaidh |
Do Bhallraíocht
Na déan dearmad do bhallraíocht bhliantúil a athnuachan. Eolas fúinnClub cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha. Rannóga
All
|
|
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag gcoiste deonach. |
Ar ais go barr an leathnaigh
Abhaile |