Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe Éasca - Dé Céadaoin, 25 Feabhra 2026 - Gleann Cuilinn

17/2/2026

 
Tosófar an siúlóid ag 11.00 r.n.

Siúlóid Sléibhe Éasca: The GAP (Glencullen Adventure Park), Slí Sléibhe BhÁC, Binn Trí Charraig, Binn Dá Charraig, The GAP.
Fad: 8.5km, Dreapadh: 275m, 3 uair an chloig ag siúl.
​
Picture
Tús na Siúlóide: - Carrchlós ag The GAP (Páirc Eachtraíochta Gleann Cuilinn - Glencullen Adventure Park)  D18 Y673
Tagairt eangaí O 187 206 nó N53.2228 W6.2236
Bí ann ag 10.45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00r.n.

An treo: -  Ón gcathair tóg an R117 trí Raghnallach, Baile an Mhuilinn, Dún Droma, Áth an Ghainimh, An Chéim go dtí Cill Tiarnáin. Díreach i ndiaidh an tséipéil (dath gorm air) cas ar dheis ar an R116. Lean ar aghaidh go dtí Gleann Cuilinn. Téigh díreach tríd an gcrosbhóthar (Johnnie Fox's Pub) agus i gcionn 200m feicfidh tú fógra "The GAP" ar dheis. Téigh isteach ansin agus tar éis 150m tá an carrchlós (costas €2 ar an slí amach)
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

Treoraí: - Brian
Nóta: - Má tá síob á lorg nó tuilleadh eolas uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected]

Trealamh agus Feisteas 
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 22 Feabhra 2026 - Gleann Crí

14/2/2026

 
Nóta - Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:00 r.n.
Siúlóid sléíbhe mheánach: Cluain (Gleann Crí), Slí Chualann Nua, Prince William's Seat, Cnoc na gCon, Sliabh Ghleann Dubh, An tSeanbhuaile.
Fad: 13.5 km,  Dreapadh: 500 m,  
4.5 huaire an chloig ag siúl
​
Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) - (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
Imeoimid ag 9.00 r.n. go cruinn. 
Nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála in ag Cluain i nGleann Crí, ar an mbóthar idir Áth na Sceire agus Ionad Athmhuintearais Ghleann Crí (Glencree Reconciliation Centre).
​Tagairt eangaí  O 174 170 nó  N53.1904, W6.2439)

Bí ann ag 9:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:00 r.n.
Treoraí: Seán 
​

Nóta: Má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected], lá roimh ré.

Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Téigh go dtí Áth na Sceire. In Áth na Sceire gabh an L1011 i dtreo Ghleann Crí. Sroichfidh tú carrchlós Chluana (Cloon Wood and Oak Glen Car Park) ar an taobh clé tar éis 9 km (1 km tar éis charrchlós Bhaile Mhic Thorcail)
Nó lean an  nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 8 Feabhra 2026 - Gleann Ó Máil

31/1/2026

 
Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:30 r.n
------------------------------------------------
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Gleann Ó Máil, Carrchlós an Chnoicín, (Knickeen), Conair an Tábla,  An Leamhaigh Bhán (Lobawn), An Chorr (Sugarloaf).
Fad: 16 km,  Dreapadh: 600 m, 5 uair an chloig ag siúl.
​
Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) - 
Imeoimid ag 9.00 r.n. go cruinn. 

nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag an gcrosbhóthar ag An gCnoicín, i nGleann Ó Máil.
(Tagairt eangaí - S 983 948   nó N52.9956, W6.5375).

Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n.
Críochnóimid idir 3:30 agus 4:00 i.n.

Treoraí: Breandán Mac Aoidh Bhuí
Nóta: Má tá tuilleadh eolais nó síob uait go tús na siúlóide, téigh i dteagmháil linn ag [email protected].


Treoracha go dtí tús na siúlóide: 
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath, téigh ar an N81 go Baile Coimín. 15 km tar éis Bhaile Coimín, cas ar chlé ag an Toll House (teach tábhairne atá dúnta lefada). Téigh díreach trí Dhún Ard i.e. go dtí an “Wicklow Escape” (nó Mountain Ventures Hostel mar a bhí). 2 km tar éis an Wicklow Escape sroichfidh tú an t-ionad páirceála beag ag An gCnoicín ar an taobh clé .
Nó lean
 
nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

Siúlóid Sléibhe Éasca - Dé Céadaoin, 28 Eanáir 2026 - Tigh Bródáin

22/1/2026

 
Siúlóid Sléibhe Éasca: Tigh Bródáin. An Carn, Slí Chualann Nua, Fairy Castle, Lúb Shlí Shléibhte BhÁC, An Carn, Tigh Bródáin.
Fad
: 3 uair 30 nóiméad ag siúl.
​
Picture
Teacht le chéile: 10:45 r.n. An carrchlós i bhforaois Thigh Bródáin (Tibradden - Pine Forest), nó Carrchlós ZIPIT Forest Adventures
Tagairt Eangaí: O 139 227 nó N53.2427 W6.2946.
NB – Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn

Treoraí: Brian 
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó lár na cathrach BÁC -  Gabh an R114 go Rath Fearnáin. Cas ar dheis ag Teach Tábhairne Yellow House, ar an R115 go timpeallán mór.  Téigh díreach trasna go dtí an R116 go Tigh Bródáin. I ndiaidh an droichid cas ar chlé ar an R116 i dtreo Ghleann Coilín. Tar éis 200m cas ar chlé isteach i gcarrchlos Thigh Bródáin "ZIPIT". 
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

Trealamh agus Feisteas
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat Trealamh agus feisteas

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 25 Eanáir 2026 - Gleann na Smól

19/1/2026

 
Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:00 r.n.

Siúlóid Sléibhe Mheánach: Gleann na Smól, An Charraig, Suíochán, An Baile Mór (Finn).
Fad: 12.5 km, Dreapadh: 650m, 4 uair an chloig ag siúl.


Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). 
Imeoimid ag 9:00 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag barr Thaiscumar Bhóthar na Bruíne 
Tagairt eangaí – O 105 207 nó N53.2253, W6.3465
Bí ann ag 9:45 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:00 r.n.

Treoraí: Seán 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected]

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Gabh an R114 (Ascaill Ghort an Ime  - Butterfield Avenue) ó Chaisleán Ráth Fearnáin go Teach na Giúise (Firhouse) agus An Seanbhábhún (Old Bawn) agus lean díreach ar aghaidh. 550 m tar éis an Old Mill Tavern sa Seanbhábhún cas ar chlé ar Bhóthar Bhóthar na Bruíne. Lean an bóthar sin isteach sa Ghleann agus cas ar dheis tar éis 6 km. Sroichfidh tú an carrchlós ar thaobh na láimhe clé tar éis 500 m eile.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 
Trealamh agus Feisteas
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill 
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 11 Eanáir 2026 - Tigh an Chnoic

4/1/2026

 
Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:00 r.n
Siúlóid sléíbhe mheánach:  An carrchlós is airde istigh i gCoill Thigh an Chnoic
Fad: 10 km, Dreapadh: >300 m, 3.5 uair an chloig ag siúl
​
Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89)
Imeoimid ag 9.15 r.n. go cruinn. 
Nó
Tús na siúlóide:  An carrchlós i gCoill Thigh an Chnoic (Ticknock) ag an bpointe is airde ar an mbóthar aon treo
Tagairt eangaí O 171 240 nó  N53.2536, W6.2471.
Bí ann ag 9:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:00 r.n.
Treoraí: Tadhg 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected].
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
On M50: Tóg an bealach amach ag Acomhal 13 do Áth an Ghainimh (Sandyford) agus Dún Droma. Ansin Bóthar Ghort an Bhreithimh (R133), Bóthar na Gráinsí (R822), Bóthar Bhaile Uí Cheallaigh, Bóthar Thigh an Chnoic, Carrchlós Thigh an Chnoic. .
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH  Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.

<<Previous
Forward>>
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly