Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Naisc
      • Cartlann
  • Ballraíocht
  • Siúlóidí & Imeachtaí
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2008
  • Teagmháil linn

Siúlóid - 5 Samhain 2017 - Bearna Chill Mhantáin

31/10/2017

0 Comments

 
Picture
Siúlóid: Bearna Chill Mhantáin,Cnoc an Turlaigh, Cam an Doire, An Bhrocach, Cnoc na Maoile, Tóin le Gaoith
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 - 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad : 14 km
Dreapadh: 670 m
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide:  Carrchlós ag Bearna Chill Mhantáin, idir Cillín Chaoimhín agus an Láithreach. (Tagairt eangaí - O 077 002, nó 53.0417N  6.3962W ). Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.

 
Treoraí:     Seán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath - ar an N81, 8 km tar éis Baile Coimín, cas ar chlé i dtreo Chillín Chaoimhín (Hollywood). Lean díreach ar aghaidh ar an R756. Sroichfidh tú an carrchlós tar éis 15 km, díreach ag barr na Bearna.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.


Read More
0 Comments

An Bhreatain Bheag - Deireadh Fómhair 2017

30/10/2017

0 Comments

 
Seo cúpla grianghraf ón deireadh seachtaine sa Bhreatin Bheag
0 Comments

Deireadh Seachtaine sa Bhreatain Bheag     -      27/10 -30/10

17/10/2017

0 Comments

 
Picture
Blas na Breataine Bige
Blas o Gymru

 
Tar linn agus caith deireadh seachtaine ag siúl sa Bhreatain Bheag ar Cosán Cósta Ceredigion / Llwybr Arfordir Ceredigion ​


Picture
Dáta:  An deireadh seachtaine fada i Mí Dheireadh Fómhair – Aoine 27/10 – Luan 30/10

Ionad: An brú in Tresaith, sráidbhaile beag, 40 km ó Fishguard,
Faigh an áit ar Google Maps ag  N52.1346, W4.5152
​

 Labhraítear an Bhreatnais sa sráidbhaile.

Siúlóidí:  2 lá iomlán ag siúl agus leath lae amháin
Ní siúlóidí sléibhe iad seo, ach ag an gcladach agus ar aillte mara i gceantar fíor álainn. Beidh roinnt mhaith dreaptha i gceist

Costas:     €130
San áireamh sa chostas seo:
                        Bád ó Ros Láir,        Aoine 27 Deireadh Fómhair ag 6:10 pm;
                        Bád ó Fishguard,    Luan 30 Deireadh Fómhair ag 1:10 pm;
                        Taisteal áitiúil ón mbád agus go dtí tús na siúlóidí;
                        Lóistín 3 oíche sa bhrú;
                        Bia le haghaidh 3 bhricfeasta agus 3 lón.
                       Dinnéar ar an Satharn
 
As an áireamh ón gcostas seo:
                        Taisteal go Ros Láir  - beidh co-úsáid gluaisteán i gceist;
                        Dinnéar ar an Domhnach;
                        Cúpla pionta ar ndóigh.
​
Cuir ríomhphost chugainn  má tá suim agat sa turas. (cnocadoiri@yahoo.com)

0 Comments

Siúlóid  - Maoilín - Dé Domhnaigh, 22 Deireadh Fómhair 2017

16/10/2017

1 Comment

 
Picture
Siúlóid: Maoilín (Trooperstown Hill), Coill Bhaile an Luig, Droichead an Chláraigh agus ar ais.
Cur síos: Siúlóid mheánach (4 huaire an chloig ag siúl).
Dreapadh: 600 m,   Fad: 15 km
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide: Carrchlós Choill Thigh an Tearmainn (Trooperstown car park) - tagairt eangaí : T 159 969 (nó N53.011, W6.275). Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraí: Déaglán 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmhail linn roimh ré, chun síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:  Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg. Cas ar dheis ar an R755 go dtí  An Tóchar agus Áth na mBó. 2.7 km tar éis Áth na mBó (nó 2 km roimh an Láithreach) cas ar chlé ar bhóthar beag. Tá an carrchlós 450 m síos an bóithairín seo ar chlé.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide. 


Read More
1 Comment

Cruinniú Cinn Bhliana - 20 Deireadh Fómhair

9/10/2017

0 Comments

 
Picture
Cruinniú Cinn Bhliana an Chlub
7:30 pm.
​ag Conradh na Gaeilge , 6 Sráid Fhearchair.

Do bhaill amháin

9:00pm Dinnéar in Milano's, Sraid Dawson - fáilte roimh chách ag an dinnéar


0 Comments

Siúlóid - 8 Deireadh Fómhair 2017 - Cros Airt

8/10/2017

0 Comments

 
Cúpla Grianghraf ón tsiúlóid inniu - ceomhar, dorcha, fliuch faoi chois, gruaimeach. Ach seachas sin, siúlóid iontach deas, agus comhluadar maith!
0 Comments

Príosún Chill Mhantáin -  Turas Treoraithe trí Ghaeilge,             Dé Sathairn,  14 Deireadh Fómhair 2017

8/10/2017

0 Comments

 
Picture
Am: 12:00 meánlae
Mairfidh an turas ar fad (an chuid threoraithe  agus an chuid fhéintreoraithe ina dhiaidh sin) thart ar uair go leith. 
Táille: 7 Euro
 
Teacht le chéile:
11:50 i.n. ag an bPríosún féin, 1 Cnoc Chill Mhantáin (1 Kilmantin Hill), Baile Chill Mhantáin.
Nó
Idir 11:00 agus 11:40 ag The Coffee Shop, Sráid an Droichid (Bridge Street), atá 500 m ón bPríosún.
Seo nasc don Phríosún ar Google Maps
 
Taisteal: Fágann traein Stáisiún Uí Chonghaile ag 9:40 i.n. a shroicheann Baile Chill Mhantáin ag 10:40 i.n. Tá an stáisiún traenach timpeall 1.7 km (20 nóiméad) ón bPríosún, nó 1.2 km (15 nóiméad) ón Coffee Shop.
Tá traein ar ais go dtí an chathair ag 14:41
 
Siúlóid: Má bhíonn fonn ar dhaoine, déanfaimid siúlóid ghearr éasca go Ceann Chill Mhantáin agus ar ais (1.5 - 2 uair an chloig) tar éis an turais.
 
Teagmhálaí: Seán Ó Fearghail
Uimhir Theagmhála: 087 2217800
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta uimhreacha a  chomhordú.

0 Comments

Siúlóid  - Na 3 Loch, Cros Airt -  8 Deireadh Fómhair 2017

2/10/2017

 
Picture
Siúlóid: Droichead Bhaile na Gaoithe (Ballinagee Bridge), Lochanna an Uisce Fhuair (Na Trí Loch) agus Cros Airt.
 
Cur síos: Siúlóid mheánach (4.0 - 4.5 huaire an chloig ag siúl).

Fad na siúlóide  - 14 km, Dreapadh – 600 m
 
Áit chruinnithe agus Am: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html
)

nó
Tús na siúlóide: Droichead Bhaile na Gaoithe (Ballinagee Bridge) - tagairt eangaí : O 037 023 (nó N53.062, W6.454).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
 
Treoraí: Seán 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:  Téigh ar an N81. 9 km tar éis Bhaile Coimín (Blessington) cas ar chlé ar an R756 trí Chillín Chaoimhín (Hollywood). Sroichfidh tú Baile na Gaoithe, agus an droichead tar éis 11 km.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.


Read More

Ceann Toirc agus Scor - 24 Meán Fómhair 2017

24/9/2017

 
Seo cúpla grianghraf ón tsiúlóid inniu, agus radharcanna iontacha againn ar Loch Deán agus ar an gceantar sin.

Siúlóid  - An Sean Droichead, Scor -  24 Meán Fómhair 2017

18/9/2017

 
Picture
Siúlóid: An Sean Droichead, Scor, Ceann Toirc
Siúlóid Mheánach - 4  huaire an chloig ag siúl.  
Beimid ar ais ag na gluaisteáin idir 4:00 agus 4:30 i.n.

Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide:  An carrchlós ag An Sean Droichead, in aice Loch Deán. Tagairt eangaí – O 157 020 nó N53.0561 W6.2734.

Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n. 
Treoraí: Breandán

Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, teigh i dteagmhail linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:-  téigh ar an N11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí An Tóchar (Roundwood). Cas ar dheis i lár an tsráidbhaile. Tar éis 3 km, ag An Sean Droichead, cas ar dheis agus sroichfidh tú an carrchlós tar éis 300m.

Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide ​


Read More
<<Previous

    Do Bhallraíocht

    Na déan dearmad do  bhallraíocht bhliantúil a athnuachan.


    Eolas fúinn

    Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn  agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua i gcónaí. Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. 

    Rannóga

    All
    Gnáthshiúlóidí
    Grianghraif
    Grianghraif 2008
    Grianghraif 2009
    Grianghraif 2010
    Grianghraif 2011
    Grianghraif 2012
    Grianghraif 2013
    Grianghraif 2014
    Grianghraif 2015
    Grianghraif 2016
    Grianghraif 2017
    Imeachtaí Sóisialta/cultúrtha
    Siúlóidí Um Thráthnóna
    Turas/Deireadh Seachtaine

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag gcoiste deonach. 
Ar ais go barr an leathnaigh
 Abhaile
cnocadoiri@yahoo.com
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly
✕