Bíonn seisiún cártaí (cluiche 25) againn ó 7:00pm ar aghaidh an chéad agus an tríú Déardaoin gach mí.
Ná bí buartha mura bhfuil an cluiche ar eolas agat - beidh cúpla duine ann chun na rialacha a mhíniú.
Bí ann agus bain taitneamh as an gcomhluadar.
Beidh ar gcéad Oíche Chártaí na hathbhliana againn an Déardaoin beag seo, 4 Eanáir, sa Teach Tábhairne Pipers Corner ar Shráid Mhaoilbhríde. Bíonn seisiún cártaí (cluiche 25) againn ó 7:00pm ar aghaidh an chéad agus an tríú Déardaoin gach mí. Ná bí buartha mura bhfuil an cluiche ar eolas agat - beidh cúpla duine ann chun na rialacha a mhíniú. Bí ann agus bain taitneamh as an gcomhluadar. Siúlóid sléíbhe mheánach: Carrchlós Thigh Bródáin (Tibradden nó Pine Forest), dhá rogha sa cheantar Rogha 1:Fad: 13.5 km Dreapadh: 530 m Nó Rogha 2:Fad: 10 km: Dreapadh: 550 m ------------ Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) - (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html) Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn. Tús na siúlóide: An Carrchlós i gCoill Thigh Bródáin (agus Zipit Forest Adventures) (Tagairt eangaí – O 138 229 nó N53.2429, W6.2948). Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n. Treoraí: Seán Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Ón teach tábhairne The Yellow House i Ráth Fearnáin téigh 7 km ar Willbrook Road (an R115 agus níos déanaí an R116). Ag deireadh an bhóthair sin, cas ar chlé agus beidh an carrchlós díreach ar an taobh clé. Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide ------- TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html Siúlóid éasca na Nollag agus Ghrianstad an Gheimhridh Siúlóid i mBinn Éadair – ar an gcósta agus ar an gcnoc. Teacht le chéile: 11:00 r.n. ag Stáisiún Dart Bhinn Éadair. Stopfaimid ar an trá agus beidh picnic bheag againn - pióga mionra agus pórtfhíon te? (Culaith snámha má bhíonn suim agat triail a bhaint as an snámh fiáin!!) Mairfidh an tsiúlóid 3.5 huaire agus beimid ar ais sa sráidbhaile ~2:30 - 3:00 i.n. Tar éis na siúlóide beidh deis againn greim bia a fháil, agus sólaistí eile - b'fhéidir sa Bloody Stream nó sa Doghouse in aice an stáisiúin traenach, ach tá neart áiteanna eile sa sráidbhaile. Treoraí: Eileen Nóta: Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil linn. TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat: Hata Nollag, geansaí Nollag, soilse gealánacha ar do mhála droma, beanna saorga fia, féasóg bhán, pióga mionra féiltiúla! Chun an fhírinne a rá NÍL an trealamh sin riachtanach, ach ná déan dearmad do chóta báistí a thabhairt leat, agus bróga oiriúnacha don chosán a bheidh fliuch agus lábach in áiteanna. I mbliana beidh Dinnéar na Nollag againn sa bhialann The Bank, Faiche an Choláiste, BÁC2, Dé Sathairn, 9 Nollaig 2023 ag 6:00 i.n.ar 60 Euro, agus seirbhís san áireamh. Má bhíonn suim agat teacht, bheimis buíoch dá bhféadfá an 60 Euro a íoc roimh 27 Samhain 2023. Déan íocaíocht leictreonach díreach isteach i gcuntas an Chlub. NÁ DÉAN DEARMAD D’AINM A CHUR LEIS AN ÍOCAÍOCHT. Ansin cuir ríomhphost chuig cnocadoiri@yahoo.com chun a chur in iúl go bhfuil an íocaíocht déanta agat. Má bhíonn deacrachtaí agat íocaíocht a dhéanamh ar líne, nó mura mbíonn sonraí an chuntais agat, téigh i dteagmháil linn ag cnocadoiri@yahoo.com. Tar éis an dinnéir, má bhíonn fonn ar dhaoine, rachaimid go teach tábhairne áitiúil, m.sh. The Pipers' Corner i Sráid Mhaoilbhríde. Oíche Chártaí, Déardaoin, 7 Nollaig ag 7:00pm sa Teach Tábhairne Pipers Corner. Bíonn seisiún cártaí, cluiche 25, againn an chéad agus an tríú Déardaoin gach mí. Ní bhíonn airgead ná gealltóireacht i gceist! Mura bhfuil an cluiche ar eolas agat, ná bí buartha - beidh pacaí cártaí agus na rialacha againn, agus cúpla duine ann chun iad a mhíniú. Bí ann agus bain taitneamh as an gcomhluadar. Siúlóid Sléibhe Mheánach: Loch Bré Uachtair, Cipiúr, An Reilig Mhíleata Ghearmánach, Loch Bré Íochtair Fad: 12.5 km, Dreapadh: 550 m, 4.5 uair an chloig ag siúl Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) - (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html) Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn. nó Tús na siúlóidí: An carrchlós ag Loch Bré Uachtair. (Tagairt eangaí - 0 143 151 nó N53.1747, W6.2918).Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n. Treoraí: Seán Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí na siúlóide téigh i dteagmháil linn, 2 lá roimh an tsiúlóid. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Ag an Yellow House i Ráth Fearnáin, cas ar dheis. Téigh 2 km agus cas ar dheis ar Bhóthar Bhaile Scallart (Scholarstown Road), agus ansin láithreach ar chlé ar Lána Stoicín / Bóthar Míleata / R115. Lean ar aghaidh 14 km go dtí an t-ionad páirceála ar an taobh clé. Tá an t-ionad páirceála sin 3 km ó dheas ó Ghleann Crí i.e 3 km tar éis an chasaidh go hIonad Athmhuintearais Ghleann Crí. Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide. TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas |
Eolas fúinnClub siúl sléibhe trí Gaeilge. Aimsigh ar an suíomhNaisc Thapa
All
|
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. |