Oíche Drámaíochta in Amharclann Axis i mBaile Munna.
Cúig ghearrdhráma nuachumtha á léiriú don chéad uair.
Beidh cuid againn ag dul ann.
Is féidir ticéad a chur in áirithe ag an seoladh seo
Oíche Drámaíochta in Amharclann Axis i mBaile Munna. Cúig ghearrdhráma nuachumtha á léiriú don chéad uair. Beidh cuid againn ag dul ann. Is féidir ticéad a chur in áirithe ag an seoladh seo Ye Olde Hurdy Gurdy Radio Museum Binn Eádair Tá an-chuid iarsmaí ó sheanré an raidió ann agus cur síos ar stair an raidió agus na teileachumarsáide in Éirinn agus i mBinn Éadair go háirithe. Beidh turas treoraithe ag Na Cnocadóirí ann. Seo iad na sonraí. Turas Treoraithe as Gaeilge, Dé Sathairn, 17 Feabhra 2024 Táille isteach €5 nó €3 Teacht le chéile: 11.10 am, Stáisiún Dart Bhinn Éadair. Taisteal: Bus #6 , ó Shráid na Mainistreach Dart, ó Stáisiún Uí Chonghaile ag 10:14, 10:35, 10:52 Treoraí: Bláithín Beidh siúlóid ghearr agus lón againn i mBinn Éadair Beidh ár ngnáth seisiún cártaí againn Déardaoin, 15 Feabhra. Ach táimid chun triail a bhaint as áit nua an babhta seo - Óstán Buswell, Sráid Teach Laighean (Molesworth St.) (Eircode D02 CT80). Cluiche Cártaí 25 a imrímid i gcónaí. Mura mbíonn an cluiche ar eolas agat míneofar duit é. Bíonn seisiún againn an chéad agus an tríú Déardaoin gach mí ó 7:00pm ar aghaidh. Go raibh tú ann agus go mbaine tú taitneamh as an gcomhluadar. Siúlóid sléíbhe mheánach: Tigh an Tearmainn, Maoilín, Slí Chualann Nua, Slí Abhainn Mhór Fad: 13 km, Dreapadh: 540 m, 4 huaire an chloig ag siúl Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) - (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html) Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn. Nó Tús na siúlóide: An Carrchlós ag Tigh an Tearmainn (Trooperstown Forest Recreation Area). Tagairt eangaí T 159 969 nó N53.0110 W6.2743. Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn. Treoraí: Breandán Nóta: Má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn, lá roimh ré. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg. Cas ar dheis ar an R755 go dtí An Tóchar agus Áth na mBó. Cas ar clé 2.7 km tar éis Áth na mBó (nó 2 km roimh an Láithreach) ag Trooperstown Wood Lodge. Tá an carrchlós 450 m síos an bóthairín sin ar chlé. Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide. TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Ní mór go mbeadh gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus Feisteas Bíonn an siúlach scéalach. Sin a deirtear, agus anois tá deis againn a chinntiú an bhfuil se fíor. Tá cuireadh faighte againn freastal ar léacht dhá-theangach, ag CLG Bhaile Buadáin. Tá an t-eolas ar fad ar chlé Beimid ar ais sa Theach Tábhairne Pipers Corner ar Shráid Mhaoilbhríde (Eircode D01 FD28) agus Oíche Chártaí againn an Déardaoin beag seo, 1 Feabhra. Cluiche Cártaí 25 a imrímid i gcónaí. Bímid ann an chéad agus an tríú Déardaoin gach mí ó 7:00pm ar aghaidh. Mura mbíonn an cluiche ar eolas agat míneoidh na daoine eile na rialacha duit - níl siad róchasta. Go raibh tú ann agus go mbaine tú taitneamh as an gcomhluadar. |
Eolas fúinnClub siúl sléibhe trí Gaeilge. Aimsigh ar an suíomhNaisc Thapa
All
|
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. |