Turas báid go hInis Mac Neasáin, siúlóid agus fulacht bheag (beárbaiciú) ar an oileán.
Fillfimid ansin ar an mórthír áit a mbeidh deoch againn i dteach tábhairne i mBinn Éadair.
Teacht le chéile: Bí réidh le dul ar an mbád ag 6.30 i mBinn Éadair ar an gCé Thiar (in aice le bialann AQUA).
Costas an bháid: 15 Euro.
Má tá suim agat dul, bheimis buíoch dá bhféadfá téacs a chur chuig Eileen (087 327 2219) roimh an gCéadaoin, 10 Iúil, mar is gá socrú a dhéanamh le húinéir an bháid, agus go leor ispíní a cheannach.
Tabhair leat: Do dheoch féin, do chulaith snámha agus do chóta báistí.
Ag súil le tú a fheiceáil.
Ní bheidh siúlóid samhraidh againn Déardaoin, 11 Iúil 2024.