EOLAS FAOIN gCLUB
An Club
Ballraíocht
Bunreacht
Ceisteanna Coitianta
Teagmháil
SIÚLÓIDÍ AGUS IMEACHTAÍ
Grianghraif
Eolas eile
Eolas faoin gClub

Bunaíodh Na Cnocadóirí in 2003 chun gníomhaíochtaí cnocadóireachta trí Ghaeilge a chur chun cinn.
Is í an Ghaeilge teanga labhartha an Chlub. Fáiltímid roimh chomhaltaí nua a bhíonn toilteanach Gaeilge a labhairt. 
Léigh tuilleadh eolais faoi chuspóirí agus rialacha an chlub sa Bhunreacht.

Ar an 11/11/10 a rinneadh an nuashonrú ba dhéanaí ar an leathanach seo

Ar ais go barr an leathnaigh                  An Príomhleathanach                   Déan teagmháil linn
 
Stádas agus Ballraíocht
Tá an club ina bhall de Shléibhteoireacht Éireann, (MI) an eagraíocht ionadaíochta do shiúlóirí agus dreapadóirí in Éirinn. Tá eolas breise faoin ábhar seo faoi Bhallraíocht.
Logo MI
Na Baill
Bíonn idir fhir agus mhná, chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí, dhaoine atá ag siúl na sléibhte le blianta agus dhaoine nár thosaigh ag siúl go dtí le déanaí páirteach sna siúlóidí agus sna himeachtaí.
Más mian leat tuilleadh pictiúr a fheiceáil, féach ar leathanach na ngrianghraf
Grianghraf-cnocadóirí ag ithe lóin ar Earagail

FÓGRAÍ
An Coiste
Toghtar na hoifigigh ag an gcruinniú ceann bliana.  Is iad baill an choiste 2011/12: 

An Cathaoirleach: Marie Riney
An Cisteoir: Eimear Ní Méalóid
An Rúnaí: Bláithín Ní Liatháin
An tOifigeach Traenála: Seán Ó Fearghail
Oifigeach Timpeallachta: Eileen Whelan
An tOifigeach Gaeilge: Dara Binéid
Eolas tábhachtach do chuairteoirí nua
§ Léigh an t-eolas mar gheall ar an trealamh agus an feisteas riachtanach a        
      bheidh ag teastáil uait.


§ Ná dearmad gur spórt dainséarach í an chnocadóireacht agus gur ort féin atá an   
      fhreagracht agus tú á déanamh! Caithfidh daoine a bheith réasúnta aclaí freisin.

§ Is í an Ghaeilge teanga labhartha agus chumarsáide an chlub.

§ Toileoidh siúlóirí a bheith freagrach as a gcuid gníomhartha féin agus as a n-iompar
      féin.

§ Aon duine a bhfuil fadhb shláinte aige/aici, ní mór dó/di é sin a chur in iúl don treoraí
     roimh thús gach siúlóide.


Má tá suim agat teacht ar cheann de na siúlóidí linn, agus páirt a ghlacadh sa chlub, féach ar an leathanach ar a bhfuil eolas faoi chúrsaí ballraíochta, agus ansin déan teagmháil linn.
Déan teagmháil linn
Déan teamháil linn
Déan teagmháil linn
Lógó na gCnocadóirí

FÉILIRE
Cliceáil ar na dátaí daite