Brúigh ar aon imeacht sa liosta seo chun tuilleadh eolais a fháil.
0 Comments
Siúlóid: An Láithreach, Sliabh na Brocaí. Cur síos: Siúlóid mheánach – 4.5 huaire an chloig ag siúl. Tús na siúlóide: Séipéal Naomh Caoimhín, An Láithreach (tagairt eangaí - T 140 968 nó N53.0106, W6.3024) Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n. Treoraí: Daithí Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn. Ma bhíonn síob déan teagmháil lá roimh ré. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath - Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Sa Láithreach, cas ar dheis i dtreo Ghleann Dá Loch. Tar éis cúpla céad méadar, os comhair bhialann Wicklow Heather, cas ar dheis arís agus téigh go dtí deireadh an bhóthair sin. Tá carrchlós beag suite ag Séipéal Naomh Caoimhín. Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html Eagrófar 2 shiúlóid threoraithe mar chuid den Five Lamps Festival ina mbeidh cur síos ar Ailtireacht agus ar Innealtóireacht Stairiúil na nDugthailte. Siúlóid A) Teacht le chéile : 6:00 i.n. Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2024, ag La Touche House, os comhair Busárus. Beidh an tsiúlóid seo i gceantar Theach an Chustaim. Cuir áit in áirithe ar an nasc seo in Eventbrite. Siúlóid B) Teacht le chéile: 11:00 i.n. Dé Sathairn, 20 Aibreán 2024, ag Stáisiún Luas, Iosta na Rinne (The Point), an Líne Dhearg. Beidh an tsiúlóid seo i gceantar an Chalaphoirt Cuir áit in áirithe ar an nasc seo in Eventbrite. Mairfidh na siúlóidí timpeall uair go leith. Treoraí: Breandán Beidh fáilte roimh chách. Beidh na siúlóidí féin saor in aisce, ach ní mór iad a chur in áirithe ar Eventbrite chun srian a choinneáil ar an líon daoine a bheidh páirteach iontu. Má bhíonn tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn. Siúlóid Mheánach: Gleann Ó Máil, Log na Coille, Sliabh Meáin, Sliabh Bhuaile an Fheadáin. Fad: 16.5 km, Dreapadh: 800 m, 4.5 - 5 huaire an chloig Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html ) Nó Tús na siúlóide: An carrchlós ag teach tábhairne Fenton's, An Seisceann, Gleann Ó Máil. (tagairt eangaí : S 973 935, nó N52.9840, W6.5523 ) Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n. Treoraí: Deaglán Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn Treoracha go dtí tús na siúlóide: Má bhíonn tú ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – téigh ar an N81 go Baile Coimín. Lean ar aghaidh ar an N81 agus 15 km tar éis Bhaile Coimín cas ar chlé ag an teach tábhairne The Toll House. Téigh trí Dhún Ard go dtí The Wicklow Escape i mBaile an tSléibhe (Ballinclea). Cas ar dheis díreach ina dhiaidh sin, agus ansin ar chlé i gCnoc an Aragain. Tiocfaidh tú ar Fenton's tar éis 2 km. Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide. TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html Níl ach cúpla oíche fágtha a mbeidh seisiún cártaí againn roimh theacht an tsamhraidh . Ach beimid sa Teach Tábhairne Pipers Corner ar Shráid Mhaoilbhríde (Eircode D01 FD28) an Déardaoin beag seo, 4 Aibreán. Beimid ann ó 7:00pm ar aghaidh. Cluiche Cártaí 25 a bheidh á imirt againn. Níl sé casta, ach mura mbíonn an cluiche ar eolas agat míneofar na rialacha duit. Go raibh tú ann agus go mbaine tú taitneamh as an gcomhluadar. Siúlóid Éasca: An Uaimh, Bruach na Bóinne, Contae na Mí. Fad: idir 10 agus 14 km, Dreapadh: 0 m Treoraí: Seán Tús na siúlóide: Carrchlós na Rampar (The Ramparts), An Uaimh, Contae na Mí, (Tagairt Eangaí: O 875 679 nó N53.6536, W6.6775) Tá an tsiúlóid seo ar chosán a bhfuil dromchla maith air. NB – Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath ar an M3. Fág an mótarbhealach ag Éalú 8 agus lean na comharthaí go dtí An Uaimh ar an R147. Sa bhaile cas ar dheis ar an R153 (an bóthar go Baile Ceannt - Kentstown). Téigh trasna an droichid agus sroichfidh tú an carrchlós tar éis 300 m ar an taobh clé. Nó lean an nasc seo ar Google Maps |
Eolas fúinnClub siúl sléibhe trí Gaeilge. Aimsigh ar an suíomhNaisc Thapa
All
|